‘the students make the university’

Unknown, 1895. “Ode.” T.C.D: A College Miscellany.


An Club Deireanach ar Shráid Fhearchair

PUBLISHED ON

 

Dhún Club Chonradh na Gaeilge a ndoirse don uair deirneach sna huaireanta beaga ar maidin Dé Domhnaigh an 29ú Meán Fómhair an bhliain seo. An uair dheireaneach, sin ea, go dtí go dtagann na geallúintí doiléir chun críche go athosclóidh sí tar éis athchóirithe móra. Tá an foirgneamh iomlán ag uimhir 6 Sráid Fhearchair dúnta don chéad uair ó 1966 nuair a thosaigh sé á úsáid mar ceanncheathrú Conradh na Gaeilge. Bhunadh Conradh na Gaeilge, nó an Gaelic League i mBéarla, i 1893 ag Dubhghlas de hÍde, an chéad Uachtarán na hÉireann. Bhí príomhról aici i mbunú i Athbheochan na Gaeilge agus go dtí seo ‘sí an phríomh institiúid Ghaeilge fadbhunaithe i gníomhaíochas agus oideachas. Sna ceanncheathrú ar Sráid Fhearchair bhí oifigí Conradh na Gaeilge, stáisiún Raidió Rí Rá, Siopa Leabhar ar an bunurlár agus Club Chonradh, an teach tabhairne san íoslach, san áireamh. Ní raibh ionadh ar éinne a d’úsáid na leithris bithghuaiseach i gConradh go raibh air dúnadh beagnach láithreach tar éis iniúchadh sláinte déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Áfach, braitheann na trí bhliana ar a laghad go dtí go mbeidh athoscailt mar druidim éiginnte nó ar a laghad mar tionscadal den táirgiúlacht céanna den tógáil-ospidéal leanaí. Beidh an foirgneamh iomlán – ceithre úrlár thar íoslach – atheagraithe i líne le rialachán foirgneamh cosanta. Glacann na pleananna don fhoirgneamh inspioráid ón gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste, foirgneamh cosanta freisin, ach tá caifé agus spás thaispeántais ann chomh maith le na háiseanna a bhí ag Conradh go dtí seo. Beidh Siopa Leabhar agus oifigí Conradh na Gaeilge athlonnaithe agus 6 Sráid Fhearchair faoi athchóiriú; faoi láthair níl plean ar bith Club Chonradh a athosclú, nó spás sóisialta Gaeilge eile a chur ar fáil idir an dá linn. 

Tá a lán dioscúrsa faoi tríú spásanna agus an laghdú dóibh inár dtréimhse reatha nua-aimseartha. Tá sé i bhfad níos deacra spásanna sóisialta nach bhfuil bainteach leis an mbaile nó an áit obair a aimsiú sna laethanta seo, go háirithe le haghaidh daoine óga nach bhfuil in ann íoc astú san géarchéim costas maireachtála. Is é Club Chonradh an t-aon tríú spás trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ach amháin seomraí cumann áirithe in ollscoileanna. Tá áit i mo chroí don teach tábhairne casta seo in íoslach uimhir 6 Sráid Fhearchair. Tá imprisean láidir fágtha aige ar na custaiméírí agus cuairteoirí thar na blianta gan dabht. Ar lámh amháin, in ainneoin de bheith ina theach tábhairne beag le ceaigeanna folamh ag líne an halla (contúirt sláinte is dócha) agus na leithris a sceith tríd an síleáil uair nó dhó (contúirt sláinte gan dabht) baintear lántairbhe as acmhainn an spás. Tá céilithe, rámhaithe, taispeántais ceoil, seisiúin cheoil, léitheoireachta filíochta, margaí ceardaíochta agus, uair amháin, sochraid bréagach feicthe ar siúl agam sa bhuncar casta seo. Tharraingíonn an mála meascaithe seo d’imeachtaí, chomh maith lena fheidhm mar gnáth teach tábhairne, réimse éagsúla de Ghaeilgeoirí – ó seanfhir ina gcainteoirí dúchasach go déagóirí Éireannach ó Ghaelscoileanna, iad i bhfábhar institiúid nach tugann mórán airde ar Aoischartaí. 

Chuireann réimse aoise na custaiméirí agus an dearadh mí-ghalánta – na cúisín tréigthe dearg ar na binsí, na cathaoireacha mímheatsála, na boird salach agus an pianó buí – i  gcuimhne ar teach tábhairne faoin tuath gan na nóiseain atá ag barraí déanacha Bleá Cliath nó cuairteoirí An Bóthar Beag. Tá cuma seascair ar, agus ní amháin mar gheall ar na soilse cuigilte fuinnimh. Cé nach líonann ballaí a dteach le pop-ealaín de Dhubhghlas de hÍde agus Christy Moore? Nuair a shiúltar trasna an lár i dtreo Conradh buailtear leis an seanfhear a shuíoann faoin scafall ós comhair RCSI ar Fhaiche Stiabhna ag seinnt an feadóg stáin an oíche ar fad. Threoraíotar an ceol upthach seo leis an ghaoth an deoraí dé go domhain draíochtúil an Conradh agus fágtar thú ag leac an dorais. Mothaíonn Club Chonradh mar éalú ó ruaille buaille lár na cathrach, tearmann i bhfolach idir Sráid Camden agus Fhaiche Stiabhna. An atmaisféar seascair, réimhse imeachtaí agus an pionta Guinness is saoire (agus is boilgeogacha) i mBleá Cliath ar leathtaobh, sí Club Chonradh an t-aon spás Gaelach atá sóisialta amháin nó, ba chóir dom rá, bhí. Ní raibh úsáid na Gaeilge chuirtear i gcion nó faoi phóilíneacht ach rinneadar éascaíochta ar agus spreagtar í. Ba spás oscailte í do fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa, chomh fhad is a bhí tú in ann an deoch uait a ainmniú (ní raibh ach ceithre sconnaí ag obair ag aon uair amháin) agus é a leanú le “le do thoil” agus “go raibh maith agat” as Gaeilge. Na dhá rudaí ba leithleach faoi Club Chionradh ná: an Gaeilge agus go teach tábhairne iontach uafásach í le himeachtaí cultúrtha le haghaidh gach aois. 

D’fhoilsigh an almanag mílaoise Lovin Dublin alt i 2017 leis an teideal ‘8 Places in Dublin City Centre Where You Can Speak Irish With Ease’. Bhí Club Chonradh agus Siopa Leabhar mar dhá de na háiteanna agus iad san fhoirgneamh céanna. D’aimnigh siad Coláiste na Tríonóide mar tríú áit, agus den gcuid eile léir siad Barra an Teampaill, siopa uachtar reoite Murphy’s agus meascán tithe tábhairne ina ghlacfadh orduithe trí Ghaeilge ar an liosta. Cé nach foinse inspioráid é Lovin Dublin i mo shaol féin, d’fhág an alt seo go háirithe lagmhisneach orm. Ní gníomhaíocht í an Gaeilge atá gaibhnithe go áiteanna éagsúil sa chathair. Is teanga beo í go chóir go mbeidh tú in ann labhairt ‘go héasca’ in aon áit, aon spás poiblí nó príobháideach. Léiríonn alt a chuireann béim ar áiteanna ‘atá’ tú in ann Gaeilge a labhairt go bhfuil áiteanna nach bhfuil. Ní raibh aidhm Club Chonradh bheith an t-aon áit ‘atá’ tú in ann Gaeilge a labhairt sa chathair, ba theach tábhairne agus láthair le haghaidh imeachtaí í a stiúradh gach rud trí Ghaeilge. Bhí cuspóir aici mar spás – ní raibh an Gaeilge ach an bealach chuirtear an cuspóir sin i bhfeidhm agus a bhaintear taitneamh as. Níl spás eile le béim ar an nGaeilge nach bhfuil bainteach le oideachas nó gnó ar fáil i mBleá Cliath faoi láthair. Gan spás (nó spásanna) tiomanta chun bheith sóisialta trí Ghaeilge – caifé, teach tábhairne nó fiú seomra taobh istigh oscailte don phoblacht – tiocfaidh teachtaireacht Lovin Dublin gurb í an Ghaeilge teanga idirbheartach nó comharthach chun chinn. Cuireann sé díomá orm nach bhfuil aon spás eile ar fáil chun teacht in ionad Club Chonradh agus í dúnta agus í an t-aon áit mar sin ar an gcéad dul síos. Níor chóir go mbeidh ár dteanga dúchasach ag braith ar iarracht na hindibhidiúil chun maireachtáil mar teanga sóisialta. Ba chóir di fás agus scaipeadh i spásanna poiblí nach bhfuil an Gaeilge mar an t-aon fheidhm. Athosclóidh Club Chonradh arís ach beidh sí difriúil. B’fhéidir tiocfaidh sí ar ais mar caifé nó spás taispeántais no fiú mar teach tábhairne maith agus glan – sin suas go dtí iarrachtaí comhoibríoch Oifig na nOibreacha Poiblí agus Conradh na Gaeilge. Guím ar son mé féin agus na nGael eile go athaontaíoch muid le Club Chonradh chomh luath gur féidir agus go mbeidh an glóir céanna aici. 

Author

Leave a Reply

Discover more from TCD Misc. Magazine

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading